Bhí athraithe móra ag tarlú ar an gCeathrú Rua i lár an 20ú aois. Chomh maith leis an gcuid eile den tír bhí tionchar mór ag cúrsaí náisiúnta agus idirnáisiúnta ar an gceantar. D'fhág na mílte an Cheathrú Rua tar éis an Dara Cogadh Domhanda agus thug a n-aghaidh ar an mBreatain den chuid is mó cé go ndeachaigh roinnt mhaith chomh fada leis na stataí chomh maith céanna. Bhí an Bhreatain á áth-tógáil le hairgead an Marshall Plan (airgead óna Stáit Aontaithe) le neart oibre le fáil agus airgead le saothrú ar na hionad tógála timpeall Londain agus cathracha eile na tíre. Ar an taobh eile den scéal ní bhfuair Éirinn pingin rua d'airgead Marshall mar go raibh siad neodrach sa gcogadh, rud a d'fhág an tír seo beo bocht. Lean an imirce agus an bhochtaineacht ar aghaidh agus is beag feabhais a tháinig ar rudaí nó gur ceapadh Seán Lemass ina Thaoiseach i 1959. Bhí fonn ar Lemass agus ar a leathbhádóir T.K. Whitaker forbairt a dhéanamh ar an tír agus stop a chur leis an imirce. Dé réir a chéile thosaigh cúrsaí eacnamaíochta na tíre ag feabhsú. Ceann de na hathraithe ba shuntasaí a tharla ná gur chuir an tAire Oideachais, Donncha Ó Máille tús le saor oideachas dara leibhéal. Roimhe sin ba bheag duine taobh amuigh de lucht gnó na h-áite a fuair oideachas den dara leibhéal gan trácht ar chéim ollscoile a fháil. D'athraigh rudaí go mór sa taobh seo tíre nuair a bhunaigh an Roinn Oideachais Scoil Chuimsitheach Chiaráin i 1966 faoi stiúir fhear Rosmuc, Piaras Ó Conaire. I gceann roinnt blianta bhí scoláirí as an gCeathrú Rua ag baint cáilíochtaí proifisiúnta amach i réimsí áirithe. Chomh maith leis an oideachas agus an fhostaíocht bhí fás ag teacht ar phobal mheán-aicmeach na h-áite.
Chomh maith le feabhas a bheith ag teacht ar chúrsaí eacnamaíochta bhí spiorad na saoirse agus na réabhlóide ag briseadh amach ar fud an domhain. Timpeall an ama seo bhris achrann amach i ndeisceart na Stát Aontaithe le gluaisteacht na gcearta sibhialta. Níorbh fhada go raibh cearta sibhialta á lorg ag Caitlicigh na sé chontae chomh maith céanna agus phléasc an t-achrann amach i 1969. Go gairid ina dhiaidh sin cuireadh tús le Cearta Sibhialta na Gaeltachta agus thosaigh muintir na h-áite ag lorg a gcearta féin ón stát. D'éirigh go maith leo agus sna 1970aí osclaíodh Raidió na Gaeltachta i gCasla agus Gaeltarra Éireann sna Forbacha. Ba gearr gur tógadh monarcha, rud a chuir fostaíocht ar fáil do mhuintir na h-áite. De réir a chéile bhí daonra an cheantair ag fágáil slán leis an sean saol traidisiúnta agus ar deireadh ag dul i dtreo imeachtaí na fichiú haoise.
Bhí cúrsaí spóirt agus caitheamh aimsire difriúil ar an gCeathrú Rua ón gcuid eile den tír, ina raibh Cumann Lúthchleas Gael i réim ó 1884. Ar an bhfarraige a bhí laochra na h-áite seo, le leithéidí clann Jimmy an Oileáin Mhóir ag tabhairt an sway leo ó Thóstal Bhóthar na Trá chomh maith le neart geallta eile ar fud Chonamara. Ar ndóigh bhí roinnt bád seoil fós ag trádáil sna seascaidí ar nós báid na mBrianach as Cladhnach, An Tonaí, bád Jimmy Pheaitchín, An Mhaighdean Mhara, agus bád Phaidí Mhaidhc Uí Mháille as Doirefhearta, An Fancy. É sin ráite bhí cúrsaí ag athrú ar an gCeathrú Rua agus suim mhór á chur i gcúrsaí peile agus sacair. Chonaic gasúir an bhaile Corn an Domhain sa Sacar ar RTÉ i 1966 agus 1970 agus ar ndóigh bhí tionchar mór ag foireann peile na Gaillimhe, a bhí tar éis trí chraobh uile-Éireann a thabhairt leo as a chéile, orthu chomh maith. Seans maith go raibh tionchar mór ag na h-imeachtaí seo ar bhunú Chumann Peile na Ceathrún Rua i 1968.
Timpeall 1971 cuireadh tús le comórtas sacair idir bhailte na Ceathrún Rua. Cé nach bhfuil mé cinnte cé a tháinig suas leis an smaoineamh is cosúil go raibh baint mhór ag Coilín Bheachla Dan, Pádraig Phat Chite agus ag Danny Staff lena thús. Fear eile a bhí sáite i gcúrsaí sacair ag an am seo ná Jimmy Phat Mór Ó Loideain. Is cuimhneach le Jimmy gur thosaigh siad ag imirt thíos ar an bpáirc i gcluichí idir na Loideain agus clann Uí Dhomhnaill le Coilín Bheachla Dan ag réiteoireacht, cluichí iad seo a tharraing neart cainte agus sáraíochta. Is cuimhneach le Jimmy cúrsaí sacair a bheith fíor-láidir ar an gCeathrú Rua ag an am seo le foirne faoi aois chomh maith le foirne de dhaoine fásta a bheith ag dul chun páirce. Is beag borradh a bhí faoi chúrsaí peile le deacrachtaí foirne a chur chun páirce go mór mhór foirne faoi aois; bhíodh gasúir na h-áite tógtha suas le obair feirme agus talmhaíochta ag an am. Tá cuimhne mhaith ag Jimmy ar charachtair mar fhear an bherry, Michael Johnny Sheáin Mháire as Cuiléan, a bheith ag imirt leis an mberry ar a cheann agus péire slipéirí —
"caithfidh sibh fair plé a thabhairt do fhear na sandals"
a chloistí uaidh go minic. Is maith is cuimhneach le Jimmy chomh maith foireann Ghaeltacht Chonamara ag traenáil ar Pháirc an Chathánaigh ag an am céanna a mbíodh siadsan ag iarraidh cluiche sacair a imirt. Bhí úsáid na páirce ag tarraingt neart cainte ar an mbaile ag an am le muintir na peile agus lucht an tsacair ag sáraíocht go minic faoin amchlár. Cuimhne eile atá ag Jimmy ná a bheith ag imirt istigh i ngarraí na dóibe i gCill Rónáin. Thug siad an corn amach bliain amháin. Ar an bhfoireann bhí siad seo a leanas:
Micil Johnny Mhicil Ó Loideáin, Jimmy Phat Mór Ó Loideáin, Seainín Tommy Breathnach, Stiofán Choilín an Táilliúra Ó Flaithearta, Tomás Sheán Bán Breathnach, Pat Gannon agus Stiofán Weatherman Mac Donnacha.
Timpeall an ama seo (1972) shocraigh leaid óg as Cathair na dTreabh, Bernie Ó Conaill, camchuairt champála a dhéanamh timpeall na tíre agus níorbh fhada gur bhain sé amach an Cheathrú Rua. Fuair sé post mar chúntóir i gColáiste Cholumba agus ba ghearr gur chuir sé aithne mhaith ar mhuintir na h-áite. I measc na ndaoine ar chuir sé aithne mhaith orthu bhí Micí Mhéimí agus Coilín Mhicil Sheáin Mhaitiú Ó Domhnaill. Imreoir sacair le West Utd a bhí i mBernie agus chuir sé suim láithreach sa chomórtas sacair a bhí ar siúl ar Pháirc an Chathánaigh. Sraith nó léig bailte a bhí i gceist le cheithre fhoireann: Sruthán/Gleann Mór, Cuileán, Bóthar a' Chillín/Caorán Beag agus an Tismeáin/Bóthar Buí. Ochtar nó naonúr an taobh a bhíodh ar na foirne a bhíodh ag imirt trasna na páirce. Le linn a chuid ama ag imirt i sraith na mbailte d'imir Bernie leis an Sruthán nuair a bhí sé ar lóistín Tí Phaddy Geraghty. Ar an bhfoireann sin bhí scoth na n-imreoirí ar nós Páid Mac Donncha, Michael Brennan, Micil Johnny Ó Loideain, Johnny Barrett. D'imir sé le Bóthar a' Chillín chomh maith; ar an bhfoireann sin bhí Tom Wallace, Peadar Stiofáin Ó Cualáin, Pádraig Jeaic, Michael Joe Bheartla agus Donncha Jimmy Sonny (RIP). Foireann eile ar imir Bernie leo ná foireann Chuileáin nuair a bhí sé ar lóistín tí Bheachla Dan. Chomh maith leis an sraith bailte bhíodh cluiche ina mbíodh muintir na h-áite in aghaidh scoláirí Choláiste Cholumba.
Fear eile a bhí ag imirt ag an am sin ná Micheál Ó Coisdealbha as an Tismeáin, saoiste FÁS na linne seo. Comórtas naonúr an taobh a bhí ann a bhíodh ar siúl ar Pháirc an Chathánaigh. Bhí foireann láidir ag an Tismeáin/Bóthar Buí ag an am. I 1974 bhuaigh siad an comórtas agus thug Michael an cupán leis abhaile mar chaptaen na foirne. An bhliain dár gcionn bhí Michael ar imirce i Sasana nuair a bhuaigh foireann Chuileáin an comórtas. Bhí an corn fós Tí Choisdealbha ar an Tismeáin nuair a tháinig muintir Chuileáin ar a thóir; chuir máthair Mhichíl an ruaig orthu agus tá an cupán fós i seilbh Mhichíl. Meas tú ar cheart do Mhicheál an cupán a thabhairt do Chumann Mhic Dara agus seans eile a thabhairt do mhuintir Chuileáin é a bhuachan? Tá cuimhne mhaith ag Michael ar roinnt mhaith sáraíochta a bheith ar bun idir lucht an tsacair agus lucht na peile go mór mhór ó thaobh úsáid na páirce.
Bhris síocháin amach tar éis tamaill agus bhí an socrú ann go mbeadh dhá oíche ag an sacar agus dhá oíche ag an gcumann peile don traenáil. Mhair an socrú sin nó gur tháinig foireann Ghaeltacht Chonamara ag traenáil ag an am céanna le lucht an tsacair. Lean an dá dhream ag traenáil ag an am céanna, peileadóirí ag imirt síos suas an pháirc agus lucht an tsacair ag imirt trasna ag an am céanna. Tharraing an eachtra seo a lán teannais agus cainte idir an dá dhream. Go deimhin dhiúltaigh roinnt imreoirí, Michael ina measc, imirt don fhoireann mionúir peile nó go mbeadh cothrom na féinne faighte ag lucht an tsacair.
Ó bheith ag caint le roinnt daoine a d'imir ag an am seo, roinnt de na daoine a bhí ag imirt sa gcomórtas:
Sruthán: Dooney agus Micil Johnny Mhicil, Peter Ó Briain agus Michael, Páid, Pádraicín Clancy Mac Donnacha, Johnny agus Pádraig Barrett, William Kelly, Máirtín Staff, Stiofán Brennan agus Michael Brennan.
Tismeáin/Bóthar Buí: Michael Costello, Jimmy, Seán agus Michael Phat Mór, Cóilín agus Seán Bheairtle Dan, Seán Johnny Phaidí (an Nurse), Máirtín Killer Kane, Máirtín Ó Conghaile, Máirtín Beag Mháirtín Nan, le Coilín Bheachla Dan sa gcúl.
Cuileán: Danny, Séamus Sheáin Dan, Beairtlín Bheairtle Dan, Cóilín agus Michaelín Mhike Dan, Michael Johnny, Stiofán Stephen Jimmy, Tomás Sheán Bán Ó Cualáin, Micil Johnny Sheáin Mháire.
Bóthar an Chillín/Caorán Beag: Pádraig Jeaic, Bernie Ó Conaill, Pádraicín Mhicil agus Michaelín, Donncha Jimmy (RIP), Pádraic agus Michael Phat Chitta, Tom Wallace, Peadar Stiofáin Ó Cualáin.
Thosaigh na cluichí thuas ar pháirc bheag a bhí ag an gceardscoil ach d'aistrigh siad síos chomh fada le Páirc an Chathánaigh tar éis tréimhse. Fear eile a bhí ag imirt ag an am seo ná Michael Brennan nó Micilín Mhichael an Ghabha as an Sruthán. Deir Michael gur sa samhradh a bhíodh na cluichí ar bun agus síleann sé go mbíodh chuile fhoireann ag imirt a chéile faoi dhó. Is cuimhneach leis Peadar Costello a bheith ag réiteoireacht agus é thar a bheith cothrom le chuile dhuine. Ar ndóigh chaith Michael blianta fada ag imirt sacair le foirne sacair an cheantair ina dhiaidh sin.
Tá cuimhne mhór ag Pádraig Mac Donnacha, nó Páid Tommy Pheadair Choilm mar is fearr atá aithne againn air, a bheith ag imirt i gcomórtas na mbailte. Tá cuimhne ag Páid a bheith ag imirt i gcomórtas bailte do ógánaigh chomh maith leis an gcomórtas do na fir; d'imir sé sa gcomórtas seo agus gan é ach cheithre bliana déag d'aois. Do fhoireann na Tismeáine a d'imir sé an chéad uair mar nach raibh a ndóthain imreoirí ag an Sruthán. Bhí suim mhór sa gcomórtas ag an am agus bhíodh chuile dhuine ar a dhícheall i gcónaí bheith i láthair ag na cluichí. Níl dabht ar bith ach gur thug Páid a chroí agus a anam i gcónaí do chur chun cinn an tsacair ar an gCeathrú Rua. Chomh maith le Micilín thug Páid seirbhís iontach don chumann sacair mar imreoir agus mar bhainisteoir ar feadh blianta fada ina dhiaidh sin. Go deimhin sé tuairim phearsanta an scríbhneora seo go mbeadh cúrsaí sacair i bhfad Éireann ní ba laige ná mar atá murach ualach oibre na beirte seo.
Déanann Bernie Ó Conaill cur síos ar chúrsa eile Gaeilge a bhí ar siúl ag na Bráithre Críostaí ag an am, Ógra Éireann, a bhí faoi stiúir an Bhráthar Ó Loinsigh, an Bhráthar Beausang agus an Bhráthar Ó Coileáin. Bhíodh suas le céad scoláire ó cheann ceann na tíre ar an gcúrsa seo agus iad lonnaithe den chuid is mó ar an mBóthar Buí. Ba ghearr gur chuir siad scéal amach go raibh siad ag iarraidh muintir na h-áite a imirt i gcluiche sacair. Bhí foireann fíor-láidir ag na bráithre mar go raibh slua mór buachaillí acu le piocadh. Ach má bhí féin bhí imreoirí den chéad scoth ar an mbaile ag an am agus bhí cluichí breátha idir an dá dhream le slua mór i láthair ag na cluichí. I dtús báire cluiche amháin a bhí i gceist ach bhí an oiread tóir ar an gcluiche agus slua chomh mór ag freastal orthu gur cuireadh trí chluiche ar siúl. Coilín Bheachla Dan Ó Domhnaill a bhíodh i mbun réiteoireachta agus is minic a bhíodh a dhóthain le déanamh aige. Ócáid mhór a bhíodh sna cluichí seo agus síos suas ar an bpáirc in ionad trasna na páirce a bhíodh an imirt. Is cuimhneach le Bernie a bheith ag imirt sna sraitheanna bailte suas go dtí 1977.
Tar éis roinnt blianta, timpeall 1974, bunaíodh cumann sacair ar an mbaile, Na Réalta Gorma. Is cuimhin le Bernie dhá chluiche le linn an ama seo. An chéad chluiche in aghaidh Bhóthar na Trá a chaill na Réalta le dhá chúl in aghaidh a haon ar an bpáirc thiar nó West Park. An dara cluiche atá i gcuimhne Bhernie ná an ceann i gcoinne Galway Rovers istigh ar an bPáirc Theas nó an Swamp. Ag an am bhí Galway Rovers fíor-láidir agus cúpla bliain ina dhiaidh sin bhí ardú céime bainte amach acu go dtí sraith náisiúnta na tíre nó an League of Ireland. Ní dheachaigh rudaí go ró-mhaith an lá sin mar nach raibh ach deichniúr imreoir ag na Réalta chun aghaidh a thabhairt ar phlúr na Gaillimhe. I measc na n-imreoirí a bhí ar fhoireann na Réalta Gorma bhí Danny Staff de Bhailís. Bhí ard-mheas ag Bernie ar Danny agus síleann sé gur imreoir den scoth a bhí ann. D'imir Michael Costello cluiche amháin do na Réalta Gorma istigh i nGaillimh in aghaidh Galway Rovers, cluiche inar buaileadh go dona iad. Ar an bhfoireann sin a bhí faoi bhainistíocht Chóilín Mhaidhc Dan bhí Stiofán Mac Donncha (an Weatherman), Micil Johnny Mhicil Searlaí, Danny Staff.
Is cosúil go raibh roinnt teannais idir muintir na Réalta agus réiteoirí na Gaillimhe mar gur thug duine de na réiteoirí ordú stopadh ag labhairt i nGaeilge. Ní dheachaigh sé seo síos ró-mhaith agus ghlaoigh duine de na Réalta Black and Tan air. Mór an trua nach raibh an Coimisinéir Teanga againn ag an am sin.
Nuair a smaoiníonn Danny Staff siar ar na blianta sin smaoiníonn sé go mór ar na deacrachtaí a bhí acu foireann a chur chun páirce. Ní mórán fáilte a chuir muintir an chumainn eile rompu cé go raibh cead acu Páirc an Chathánaigh a úsáid ós rud é gur páirc phobail a bhí agus atá inti. Is cuimhneach leis a bheith ag déanamh eangacha le rópaí ar urlár na ceardscoile mar nach raibh aon airgead acu le ceanna a cheannacht. Is cuimhneach leis chomh maith neart sáraíochta a bheith faoi cén áit ab fhearr dó féin imirt mar cé go raibh sé thar barr sa gcúl ní raibh aon chailleadh air i lár na páirce ach an oiread. Fuair siad adhmad i gcóir na gcúl thoir i gcoill Chasla agus bhí siad i bhfostú de choincréit leath bealaigh síos an pháirc. Nuair a bhíodh an cluiche sacair thart thógtaí na cuaillí agus chuirtí scraith os cionn an choincréit go dtí an chéad chluiche eile. Bhíodh orthu iad a thógáil anuas tar éis chuile chluiche mar go raibh daoine ag faire damáiste a dhéanamh dóibh, rud a tharla uair nó dhó.
Cé nár mhair na Réalta Gorma i bhfad tá sé fíor-thábhachtach aitheantas a thabhairt dóibh as an éacht iontach a rinne siad foireann a chur chun páirce sna blianta sin. B'iad a chuir tús le foirne as an taobh seo tíre a bheith páirteach i Sraith Sacair na Gaillimhe. Blianta gairide ina dhiaidh sin, timpeall 1978, chláraigh an dara foireann as an gCeathrú Rua, na Toureen Tornadoes, agus ó 1986 Cumann Sacair Mhic Dara. Tá sé ceart agus cóir aitheantas a thabhairt de chlann Mhic Dhonnacha as an obair a rinne siad le foireann an Tuairín agus go deimhin foireann Mhac Dara ina dhiaidh sin. Athrú suntasach i gcúrsaí spóirt sa taobh seo tíre a bhí i mbunú Mhac Dara mar gur tháinig i bhfad níos mó imreoirí as Ceantar na nOileán ag imirt leis an gCumann, rud atá amhlaidh riamh ó shin.
Níl ach deá-chuimhní ag Bernie Ó Conaill faoi na blianta iontacha sin a chaith sé i measc mhuintir an bhaile. Ina dhiaidh sin ba é Bernie a threoraigh Galway United i dtreo Pháirc an Chathánaigh nuair a d'imir siad FC Groningen i gCorn UEFA. Ba é a bhí ina bhainisteoir ar fhoireann Mhac Dara i 1989 nuair a bhuaigh siad Sraith na Gaillimhe. Sna rudaí iontacha atá bainte amach ag Bernie i sacar agus na foirne breátha a raibh sé páirteach leo cuireann sé an fhoireann seo an-ard ar an dréimire. Foireann den scoth le imreoirí iontacha a bhuaigh a sraith gan ach tuairim seacht gcúl a scaoileadh isteach ar feadh an tséasúir. Go deimhin níor chaill an fhoireann sin ach cluiche amháin, in aghaidh Na Forbacha.
Blianta iontacha a bhí sna 1970idí ar an gCeathrú Rua; sheas pobal na h-áite ar chrosbhóthar idir an sean saol agus an saol nua. Bhí líon mór siopaí ar an mbaile — Tí Faherty agus Tí Bhaines thoir i gCladhnach, Tí Colchúin, Tí Mheaitín, Tí Tommy, Tí Mhicí, Tí Mheakle ar an tsráidbhaile, le Tí John McEoin ar an mBóthar Buí agus siopa Tim Malone i nDoirefhearta ar chuid acu a thagann chun cuimhne. Bhí Micheál Ó Nualáin agus Catherine Sonny ag rith Scoil Mhic Dara agus, mar a luaigh mé, Piaras Ó Conaire i mbun na Scoile Cuimsithí. Chomh maith le cúrsaí spóirt a bheith láidir bhí beocht bhreá sa saol sóisialta. Bhí Tigh an Táilliúra fós faoi úinéireacht an tsean-táilliúra, muintir Shé sa Chistin, Paul Riordan ag bainistiú Óstán na Ceathrún Rua agus Pádraig Mhicil Sáile i Réalt na Maidhne. Ag an am bhí daonra fíor-ard ar an mbaile mar go raibh laghdú ag teacht de réir a chéile ar an imirce. Bhíodh na tithe ósta ar fad lán go béal le muintir na h-áite, Gaeilgeoirí agus turasóirí go mór mór le linn tréimhse an tsamhraidh. Baile faoi bhláth a bhí sa gCeathrú Rua ag an am seo ina raibh muintir na h-áite lán le spiorad, misneach agus dóchas.
Tá traidisiún saibhir, láidir ag an sacar ar an gCeathrú Rua; tá agus bhí na ceannródaithe a d'imir ag an am sin fíor-bhródúil as an méid a bhain siad amach. Is cuimhneach liomsa a bheith ag obair ar thaobh an bhóthair thall i Westminster in 1988 i gcuideachta Johnny Barrett, duine d'iar-imreoirí an tSrutháin. Is iomaí lá a chaith Johnny ag cur síos ar a bheith ag imirt i Léig na mBailte chomh maith leis an gcomórtas mór a bhí faoi dhíon thoir i dteach na bhForbacha. Bhí Johnny lán le bród agus é ag caint ar bheith ag imirt le muintir a bhaile dúchais. Scuab an imirce Johnny thar sáile uainn ach táim cinnte dá gcasfaí orainn maidin amárach é go mbeadh cur síos maith aige ar Léig na mBailte agus ar fhoireann an tSrutháin.
Tá neart fós le scríobh faoi stair an tsacair ar an gCeathrú Rua go mór mhór sna hochtóidí agus sna naochóidí nach bhfuil clúdaithe sa bpíosa seo, ach b'fhéidir go mbeadh duine éicint eile sásta bualadh faoi sin. Tá neart bearnaí sa méid atá scríofa agam atá fós le líonadh; ná bíodh drogall ar aon duine breis eolais a chur ar fáil faoin tréimhse seo. Rinne mise mo dhícheall agus ba mhaith liom mo bhuíochas a ghlacadh le duine ar bith a chabhraigh liom an píosa seo a chur le chéile. Tá Cumann Sacair Mhic Dara breá láidir faoi láthair le foirne faoi aois agus dhá fhoireann do dhaoine fásta. Cuirim chuile rath orthu agus iad ag coinneáil an traidisiúin iontaigh seo beo folláin ar an gCeathrú Rua agus i gCeantar na nOileán.
— Micheál Ó Máille, Bealtaine 2020