Suaitheantas CS Mac Dara An Ghaeilge Bheo

An Club

Ach an oiread leis an naomh a thug a ainm do Chumann Sacar Mac Dara, agus atá ceangailte le go leor de Ghaeltacht Chonamara ó Iorras Aithneach go hÁrainn go dtí an Cheathrú Rua, déanann CS Mac Dara freastal ar phobal leathan scaipthe iar-dheisceart Chonamara.

Bád mór traidisiúnta agus an mana, An Ghaeilge Bheo, atá mar shuaitheantas ag an gclub. Is léiriú é an bád seoil ar an gcultúr atá coinnithe beo ag an nGaeltacht, traidisiún ársa na mara a chuaigh i léig in áiteanna eile ar fud na tíre. Tá beocht na Gaeltachta le feiceáil go dtí an lá atá inniu ann sna húicéirí agus sna curachaí, sna hamhráin agus damhsa ar an sean-nós, sna lúibíní agus agallaimh bheirte, agus traidisiúin eile a mhair sa nGaeltacht nuair nár mhair siad taobh amuigh di.

I gcroílár an mhéid sin ar fad, tá an Ghaeilge Bheo. Mhair na traidisiúin sa teanga agus tá Cumann Sacar Mac Dara bródúil go dtí an lá atá inniu ann as a stádas mar chlub Gaeltachta, mar chlub a imríonn trí Ghaeilge agus bródúil freisin as na glúnta a chuaigh romhainn agus a choinnigh greim ar ár ndúchas.

Suaitheantas CS Mac Dara
Stair Seaimpíní CS Mac Dara & Gaillimh Aontaithe

Stair

Achoimre é seo ar «Baile Faoi Bhláth», cuntas Mhichíl Uí Mháille (2020) ar bhlianta tosaigh an tsacair ar an gCeathrú Rua. Tá an cuntas iomlán — na bailte, na foirne agus na himreoirí ar fad — ar fáil ar an leathanach seo.

Sraith na mbailte

Sna 1970idí a chuir an sacar fréamhacha ar an gCeathrú Rua. Timpeall na bliana 1971 cuireadh tús le comórtas idir bhailte an cheantair — an Sruthán/Gleann Mór, Cuileán, Bóthar a' Chillín/An Caorán Beag, agus an Tismeáin/An Bóthar Buí. Ochtar nó naonúr an taobh a bhíodh ag imirt trasna Pháirc an Chathánaigh, le leithéidí Choilín Bheachla Dan, Phádraig Phat Chite agus Danny Staff ina bhun. Tharraing na cluichí sluaite agus sáraíocht — agus corrachrann le lucht na peile faoi úsáid na páirce, nó gur socraíodh dhá oíche sa tseachtain an ceann.

Na Réalta Gorma

Timpeall 1974 bunaíodh an chéad chumann sacair ar an mbaile, Na Réalta Gorma — na ceannródaithe a chuir foirne as an taobh seo tíre ag imirt i Sraith Sacair na Gaillimhe den chéad uair. Níor mhair siad i bhfad, ach fágadh scéalta ina ndiaidh: cúil déanta d'adhmad as coill Chasla, eangacha fite as rópaí ar urlár na ceardscoile, agus an réiteoir cáiliúil úd i nGaillimh a d'ordaigh dóibh éirí as an nGaeilge a labhairt ar an bpáirc.

Ó na Tornadoes go Mac Dara

Timpeall 1978 cláraíodh foireann nua as an gCeathrú Rua, na Toureen Tornadoes, agus ó 1986 i leith is faoin ainm Cumann Sacar Mac Dara atá an club ag imirt. Athrú suntasach a bhí i mbunú Mhac Dara: tháinig imreoirí as Ceantar na nOileán isteach ina sluaite, agus tá an club ag freastal ar an gceantar leathan sin ó shin.

Laethanta móra

I 1986 threoraigh Bernie Ó Conaill — duine de laochra an tsacair áitiúil ó na seachtóidí — Galway United go Páirc an Chathánaigh, áit ar imir siad FC Groningen na hÍsiltíre i gCorn UEFA. Trí bliana ina dhiaidh sin, i 1989, agus Bernie ina bhainisteoir, bhuaigh Mac Dara Sraith na Gaillimhe — gan ach timpeall seacht gcúl ligthe isteach i gcaitheamh an tséasúir, agus gan ach aon chluiche amháin caillte.

Inniu

Is í Páirc Astro na Ceathrún Rua baile an chlub anois, agus tá an club chomh láidir is a bhí riamh: foirne buachaillí agus cailíní ó Faoi 8 aníos, agus foirne do dhaoine fásta. Seasann Mac Dara do Ghaeltacht dheisceart Chonamara ar fad, agus is trí Ghaeilge a imrítear, a thraenáiltear agus a riartar an club — An Ghaeilge Bheo.

An fhoireann agus óige an chlub ag ceiliúradh le corn, 2018

An club agus an pobal le chéile — ceiliúradh an Bhua Dhúbailte, 2018.

Imreoirí óga i mbun cluiche

An chéad ghlúin eile.

Buaicphointí

1971 — sraith na mbailte
1974 — Na Réalta Gorma
1978 — Toureen Tornadoes
1986 — Cumann Sacar Mac Dara
1986 — Corn UEFA ar Pháirc an Chathánaigh
1989 — Craobh Shraith na Gaillimhe, Roinn 2
1995 — Craobh Shraith Jim Murphy F15
1996 — Corn Jack Lillis
2004 — Corn Jack Lillis
2009 — Craobh Shraith Tacaíochta na Gaillimhe
2018 — an Bua Dúbailte: Sraith Roinn 2 agus Corn Joe Ryan
2022 — Craobh Shraithe F13, Roinn 5
2024 — Craobh Shraithe F15, Roinn 2
2024 — Corn F16, Roinn 1/2
2024 — an Bua Dúbailte F12: Sraith Roinn 3 agus an Corn

Seaimpíní

Seaimpíní Sraithe, Roinn 2 — 1988/89

An chéad chorn sinsir sa gcumann.

D'imir Mac Dara 14 cluiche sraithe le linn an tséasúir agus bhí siad buacach i 13 acu. Bhí sárchoimhlint idir iad féin agus UCG i rith na bliana; chlis ar UCG ina gcluiche deireanach in aghaidh Portumna, rud a d'fhág an corn ag teacht go Conamara. B'iad na comharsana, Na Forbacha, an t-aon fhoireann a fuair an ceann ab fhearr orthu, as baile i mBearna. Scóráil siad 63 cúl sna cluichí sin agus gan ach ocht gcinn géillte acu. Ba é Bernie Ó Conaill a bhí i mbun bainistíochta.

Torthaí na sraithe 1988/89
  • Mountbellew 0–8 Mac Dara
  • Mac Dara 5–0 Ballinakill Utd
  • Mac Dara 4–1 Corofin Utd
  • AIB 1–5 Mac Dara
  • Mac Dara 9–0 KC Celtic
  • Mac Dara 1–0 West Coast Utd
  • UCG 0–1 Mac Dara
  • Mac Dara 6–0 Bohs United
  • Tuam Celtic 0–5 Mac Dara
  • Furbo 3–2 Mac Dara
  • Mac Dara 4–0 Loughrea
  • Portumna 2–7 Mac Dara
  • Mac Dara 6–1 Salthill FC
  • Bard Celtic w/o Mac Dara
Scórálaithe na sraithe
  • Myles Mac Donnacha — 27
  • Michaelin Willie Ó Flatharta — 9
  • Kevin Gannon — 8
  • Michaelin Gleann Mór Mac Donnacha — 4
  • Aodán Ó Sé — 4
  • Tony Connolly — 4
  • Michael Larkin — 2
  • Máirtín Gavin — 2
  • Stiofán Brennan — 1
  • Máirtín Molloy — 1
  • Maitiú Ó Gríofa — 1
Foireann 1988/89 Mhac Dara

Ar chúl: Dave Russell, Michaelin Willie Ó Flathartha (RIP), Maitiú Ó Gríofa, Mick McDonagh, Dara Brennan, Michael Larkin, Máirtín Molloy, Páid Mac Donnacha.
Chun tosaigh: Michaelin Gleann Mór Mac Donnacha, Michael Brennan, Myles McDonagh (RIP), Cian Ó Conaill (mascot), Máirtín Gavin (RIP), Aodán Ó Sé, Stiofán Brennan.

Tábla na sraithe sa nuachtán — Mac Dara ar bharr Roinn 2

An tábla sa nuachtán: seacht mbua as seacht gcluiche, 33 cúl scóráilte agus dhá cheann géillte.

Seaimpíní Sraith Jim Murphy Faoi 15 — 1994/95

B'iad foireann Faoi 15 1995 ceann de na chéad fhoirne faoi aois a bhí sa gcumann — grúpa thar a bheith cumasach a d'éirigh leo Sraith Jim Murphy Faoi 15 a bhuachan agus, go dtí sin, an t-aon chorn faoi aois sa gclub. B'iad Moyne Villa a casadh orthu sa gcluiche ceannais i Terryland, agus dhá chúl ón gcaptaen Pádraig Sruthán Mac Donnacha a chinntigh bua Mhac Dara. Ba é Shane Davis a bhí sa gcúl; Shane Garvey, Paraic Seosamh Ó Domhnaill, Máirtín Weather Mac Donnacha agus Cathal Lydon sna cúlaithe; Colin Ó Conghaile, Ciarán de Paor, Richard Ó hEadhra agus Tomás Chonnie Mac Donnacha i lár páirce; agus i dteannta Phádraig Sruthán sna tosaithe, Rory Óg O Connor. Ba é Dave Russell a bhí i gceannas na foirne.

Den ghrúpa seo, is é Keith Ó Gairbhín an t-aon duine atá fós bainteach leis an gclub. Chuaigh seachtar den aoisghrúpa ar aghaidh agus d'imir siad don fhoireann shinsearach. D'imir Diarmaid Ó Loideáin a chéad chluiche i gcoinne Corrib Rangers i 1998, agus chaith Colin Ó Conghaile roinnt blianta i ngeansaí Mhac Dara — go minic i dteannta a cheathrar deartháir, Paraic, Máirtín, Gerald agus Peter.

Ba é Pól Ó Loideáin is mó a d'imir cluichí, agus fear a bhí fíordhílis don chlub — sár-imreoir a bhí ina chaptaen agus a thaistil anuas as Baile Átha Cliath chuile sheachtain i gcomhair cluichí. Cúis mhórtais dó, agus dá chumann freisin, gur roghnaíodh é ar phainéal Oscar Traynor na Gaillimhe. Chaith Aodán Breathnach seal idir na postaí; bhí Pádraig Sruthán Mac Donnacha linn go ndeachaigh sé thar lear; d'imir Paraic Ronan Ó Mullaoidh ar feadh roinnt séasúr sular chuir gortú deireadh lena chuid imeartha; agus bhí Paraic Seosamh Ó Domhnaill ar an bhfoireann shinsearach a thug léi Roinn 3 chomh gairid le 2017.

Foireann Faoi 15 Mhac Dara, 1995

Foireann Faoi 15 Mhac Dara, 1995 — seaimpíní Sraith Jim Murphy.

Seaimpíní Corn Jack Lillis — 1995/96

Bhí bua mór 3–0 ag CS Mac Dara ar OLBC i gcluiche ceannais Corn Jack Lillis ar Pháirc Thír Oileáin i 1996. B'iad Micil Pháidín Ó Curraoin, Mike Connolly agus Declan Francis Ó Flátharta a fuair na cúil, le haitheantas ag dul freisin do Garry Mac Donncha as an mbrú a chuir sé ar chosantóirí OLBC i gcaitheamh an chluiche.

Foireann Mhac Dara leis an gcorn ag Páirc Thír Oileáin, 1996

Seaimpíní Corn Jack Lillis leis an gcorn ag Páirc Thír Oileáin, 1996.

Tuairisc nuachtáin — McDara collect Lillis Cup

Tuairisc an nuachtáin ar an gcluiche ceannais: Mac Dara 3–0 OLBS.

Seaimpíní Corn Jack Lillis — 2003/04

Bhí Cumann Sacar Mac Dara ar ais mar sheaimpíní ar Chorn Jack Lillis in 2004, le bua 3–2 ar Colga. Scóráil Michael Kennedy dhá chúl agus Micil Pháidín Ó Curraoin leis an gcúl eile i gcluiche a chuaigh go ham breise. Ba é Michael Staff Mac Donncha, mar chaptaen, a ghlac leis an gcorn thar ceann na foirne.

Foireann Mhac Dara ag Páirc Thír Oileáin, 2004

Foireann 2003/04 ag Páirc Thír Oileáin — Lár-Ionad Sacair na Gaillimhe.

Michael Staff Mac Donncha ag ardú Corn Jack Lillis, 2004

An captaen, Michael Staff Mac Donncha, ag ardú Corn Jack Lillis, 2004.

Seaimpíní Sraith Tacaíochta na Gaillimhe — 2008/09

I 2009 thug Mac Dara leo Sraith na Gaillimhe d'fhoirne tacaíochta den chéad uair i stair an chumainn — agus séasúr é nár buaileadh iad in aon chluiche. Fuair siad an ceann ab fhearr ar Corrib Rangers, West Utd, Claregalway, Athenry, Mannions AFC, Renmore agus St Ellen's, agus chríochnaigh siad ar comhscór le Milltown agus Crumlin Utd — ach díbríodh Crumlin as an tsraith agus cuireadh a dtorthaí ar ceal. As baile i Cahertymore i gcoinne St Ellen's a bhí an cluiche deireanach; dá mbeadh St Ellen's buacach, ba leo an corn. Thug Mac Dara leo an lá 4–1 — Micheal Ó Loideáin iontach ag cosaint, Micheal Antaine Ó Loideáin ina mháistir i lár na páirce, agus Brian JJ Mac Donnacha agus Peter Beag Connolly i measc na gcúl an lá sin. Bhí oíche go maidin ann ag ceiliúradh ina dhiaidh!

An painéal 2008/09

Bainisteoir: Diarmuid Ó Céide · Roghnóirí: Peter Midge Flatherty, JB McDonagh · Captaen: Micheal Antaine Ó Loideáin

  • Colm Toole
  • Ciaran Ó Flathartha
  • James Mac Donnacha
  • Peter Flatherty
  • Micheal Ó Loideáin
  • Tom Tom Mac Donnacha
  • PJ Connolly
  • Micheal Antaine Ó Loideáin
  • Paraic Mhicael Ó Conghaile
  • Brian JJ Mac Donnacha
  • Peter Connolly
  • Paul Lydon
  • Shane Sullivan
  • Simon Lydon
  • David Ó Conghaile
  • Michael Sullivan
  • Sean Devaney
  • Gary O Donnell
  • Tommy Cashen
  • Anthony Ó Conghaile
Seaimpíní Sraith Tacaíochta na Gaillimhe 2008/09

Seaimpíní Sraith Tacaíochta na Gaillimhe, 2008/09.

Bonn — Reserve League Winners 2008–2009

An bonn: Reserve League Winners 2008–2009.

An Bua Dúbailte — Sraith Roinn 2 agus Corn Joe Ryan, 2017/18

An Bua Dúbailte den chéad uair riamh — craobh na sraithe agus an corn taobh istigh de sheacht lá.

Séasúr stairiúil a bhí in 2017/18. Thug Mac Dara leo Roinn 2 de Shraith Western Hygiene Supplies, ceithre phointe chun cinn ar Mervue United B, agus an chraobh cinntithe le comhscór 1–1 as baile in aghaidh Dynamo Blues. Seachtain ina dhiaidh sin, i bPáirc Éamonn Deasy, bhuaigh siad Corn Joe Ryan den chéad uair riamh — bua 4–1 ar Kinvara United.

Torthaí na sraithe 2017/18
  • Mac Dara 1–1 Oughterard — Eamonn Ó Loinsigh
  • Mac Dara 3–1 Colga — Ciarán Ó Flathartha 2 (pion), Oisín Ó Gríofa
  • Kinvara Utd 1–2 Mac Dara — Ciarán Ó Flathartha 2 (pion)
  • Colga 0–2 Mac Dara — Eamonn Ó Loinsigh, Colm Devane
  • Mac Dara 6–0 Kinvara Utd — Eamonn Ó Loinsigh 3, Gary O'Donnell, Oisín Ó Gríofa, Maitiú Ó Domhnaill
  • Mac Dara 7–1 Galway Bohs — Eamonn Ó Loinsigh 3, Gary O'Donnell 3, Oisín Ó Gríofa
  • St Pats 3–2 Mac Dara — Colm Devane, Gary O'Donnell
  • Oughterard 2–2 Mac Dara — Eamonn Ó Loinsigh 2
  • Mac Dara 5–1 St Pats — Shane Sullivan, Ciarán Ó Flathartha, Eamonn Ó Loinsigh, Mark Dowling, Michael Sullivan
  • Mac Dara 2–0 Mervue Utd — Eamonn Ó Loinsigh 2
  • Mac Dara 2–1 Dynamo Blues — Eamonn Ó Loinsigh, Colm Devane
  • Mervue Utd 0–2 Mac Dara — Eamonn Ó Loinsigh, Anthony Ó Conghaile
  • Galway Bohs 2–5 Mac Dara — Gary O'Donnell 2, Mark Dowling, Colm Devane, David Connolly
  • Dynamo Blues 1–1 Mac Dara — Michael Sullivan
Torthaí an choirn 2017/18
  • Babhta 1: Mac Dara 10–1 Colga FC — Gary O'Donnell 4, Eamonn Ó Loinsigh 3, David Ó Conghaile, Maitiú Ó Domhnaill, Shane Sullivan (pion)
  • Ceathrú ceannais: Mac Dara 10–0 St Pats — Eamonn Ó Loinsigh 4, Gary O'Donnell 2, Mark Dowling, Anthony Ó Conghaile, Joe Gubbins, Dylan Seoighe
  • Leathcheannais: Mac Dara 2–1 Cois Fharraige — Mark Dowling, Eamonn Ó Loinsigh
  • Cluiche ceannais: Mac Dara 4–1 Kinvara Utd — Gary O'Donnell 3, Anthony Ó Conghaile
Foireann Mhac Dara — seaimpíní Sraithe Roinn 2, 2017/18

Seaimpíní Sraithe Roinn 2 — an painéal agus an lucht ceiliúrtha, 2018.

Corn na sraithe á bhronnadh ar Mhac Dara, 2018

Corn na sraithe á bhronnadh, 2018.

Beirt de mhuintir Mhac Dara le corn na sraithe, 2018

Corn Roinn 2 sa lámh, 2018.

An fhoireann le Corn Joe Ryan i bPáirc Éamonn Deasy, 2018

Foireann agus muintir na foirne ag ceiliúradh Corn Joe Ryan, 2018.

Tuairisc nuachtáin — MacDara on the double

«MacDara on the double» — tuairisc an nuachtáin ar an mBua Dúbailte stairiúil.

Seaimpíní Sraithe Faoi 13, Roinn 5 — 2021/22

Tháinig méadú suntasach ar líon na n-imreoirí agus na bhfoirne faoi aois ag Cumann Sacar Mac Dara ag tús na 2020idí, agus bhí a thoradh sin le feiceáil nuair a bhuaigh an fhoireann Faoi 13 sraith Roinn 5 in 2022. D'éirigh thar cionn leis an bhfoireann úd an bhliain sin, ag baint amach cluiche ceannais an Choirn i bPáirc Éamonn Deasy freisin. Bhuaigh an fhoireann an tsraith ar an 16 Aibreán 2022, le bua 2–1 in aghaidh Tuam Celtic — cúil ag Éanna Ó Loideáin agus Victor Ó Suilleabháin, agus Harry Ó Suilleabháin mar chaptaen.

Foireann Faoi 13, 2021/22

Painéal:

  • Aaron Seoighe
  • Cathal Ó Flatharta
  • Cóil Mac Con Iomaire
  • Colin Ó Conaire
  • Colm Ó Conaire
  • Corey Ó Cuanaigh
  • Éanna Ó Loideáin
  • Eoin Ó Loideáin
  • Eoin Ó Neachtain
  • Harry Ó Suilleabháin
  • Luca Mac Con Iomaire
  • Oisín Ó Conghaile
  • Otto Mac Con Iomaire
  • Rian Ó Flanagáin
  • Stiofán Ó Loideáin
  • Tomás Hehir Gannon
  • Tomás Ó hIarnáin
  • Victor Ó Suilleabháin

Foireann bhainistíochta: Chris Ó Flatharta (Bainisteoir), Rónán Mac Con Iomaire, Micheál Antaine Ó Loideáin

Foireann Faoi 13 — seaimpíní sraithe 2022

Foireann Faoi 13 — seaimpíní Sraithe Roinn 5, 2022.

An captaen Harry Ó Suilleabháin leis an gcorn, 2022

An captaen, Harry Ó Suilleabháin, ag glacadh an choirn, 2022.

Seaimpíní Sraithe Faoi 15, Roinn 2 — 2023/24

Ba iad seaimpíní Faoi 15 2024 na Invincibles, sa mhéid is nár chaill siad oiread is cluiche sraithe amháin i gcaitheamh an tséasúir. Bhí cúil á scóráil trasna na foirne ar fad, ach sheas Oisín Mahon amach, ach go háirithe, le 23 cúl!

Torthaí na sraithe 2023/24
  • Colga 10–0 — Rian 5, Oisín 3, Oliver 1, Fionn 1
  • Colmanstown 10–1 — Oisín 4, Cillian 2, Joe 2, Oliver 1, Rian 1
  • Oranmore 4–1 — Oliver 2, Joe 1, Oisín 1
  • Craughwell 3–3 — Oisín 2, Cillian 1
  • East Galway 8–1 — Oliver 3, Rian 3, Oisín 2
  • Colga 5–0 — Rian 2, Cillian 1, Fionn 1, Tomás 1
  • Colmanstown 7–2 — Oliver 3, Oisín 3, Joe 1
  • Craughwell 5–2 — Oisín 2, Oliver 1, Joe 1, Fionn 1
  • Oranmore 8–2 — Oisín 5, Rian 2, Oliver 1
  • East Galway Utd 3–1 — Tadhg, Oliver, Oisín
Tábla na scórálaithe
  • Oisín Mahon — 23
  • Rian Ó Conaire — 13
  • Oliver Ó Suilleabháin — 13
  • Joe Cooney — 5
  • Cillian Smith — 4
  • Fionn Ó Flátharta — 3
  • Tomás Hehir Gannon — 1
  • Tadhg Ó Maoileoin — 1

Foireann bhainistíochta: Diarmuid Ó Céidigh (Bainisteoir), Stiofán de Bhailís, Tommy Gannon, Rónán Mac Con Iomaire, Des Mac Donncha

Foireann Faoi 15 — seaimpíní sraithe Roinn 2, 2023/24, leis an sciath

Na Invincibles — foireann Faoi 15, seaimpíní Sraithe Roinn 2, 2023/24.

Seaimpíní Choirn Faoi 16, Roinn 1/2 — 2023/24

Níorbh í an fhoireann Faoi 15 amháin a bhí ag ceiliúradh in 2024 — thug foireann Faoi 16 an chlub leo Corn Roinn 1/2 Chumann Peile na Gaillimhe an séasúr céanna. Bua 2–0 ar Kiltullagh Pioneers a bhí acu sa gcluiche ceannais, agus na boinn bronnta orthu ar fhéar Pháirc Éamonn Deasy i dTír Oileán.

Foireann Faoi 16 — seaimpíní an Choirn i bPáirc Éamonn Deasy, 2024

Seaimpíní Choirn Faoi 16 — an fhoireann agus an corn i bPáirc Éamonn Deasy, 2024.

An Bua Dúbailte Faoi 12 — Sraith Roinn 3 agus an Corn, 2023/24

Bua dúbailte, foireann Invincibles eile don chlub — an tsraith agus an corn ag an aon fhoireann Faoi 12 amháin, agus gan cluiche caillte acu.

Chuir foireann Faoi 12 2023/24 barr ar bhliain mhór an chlub leis an mBua Dúbailte. Sa tsraith, Roinn 3, níor buaileadh iad ó thús deireadh an tséasúir — aon bhua dhéag agus aon chomhscór amháin — agus chríochnaigh siad go sábháilte ar bharr an tábla. Ansin, i gcluiche ceannais Choirn Roinn 2/3, bhí bua cuimsitheach 4–0 acu ar Craughwell United, agus b'é Éanna Ó Loideáin a scóráil na ceithre cúl. B'é Luca Mac Con Iomaire captaen na foirne.

Painéal Faoi 12 agus an fhoireann bhainistíochta, 2023/24

An painéal Faoi 12 agus an fhoireann bhainistíochta, séasúr 2023/24.

Foireann Faoi 12 leis an gcorn tar éis an chluiche cheannais, 2024

Seaimpíní an Choirn — Mac Dara 4–0 Craughwell United sa gcluiche ceannais, 2024.

Tábla Shraith Faoi 12 Roinn 3 — Mac Dara ar bharr

An tábla: Mac Dara chun cinn go maith ar bharr Roinn 3, gan cluiche caillte.

Luca Mac Con Iomaire, captaen fhoireann Faoi 12, agus banda an chaptaein air

An captaen, Luca Mac Con Iomaire.

CS Mac Dara & Gaillimh Aontaithe

Tá dlúthcheangal idir CS Mac Dara agus Gaillimh Aontaithe ag dul siar beagnach 40 bliain. I mí Dheireadh Fómhair 1986, tháinig an club áitiúil i gcabhair ar Ghaillimh Aontaithe agus páirc ag teastáil uathu i gcomhair a gcluiche i gCorn UEFA in aghaidh FC Groningen na hÍsiltíre — ócáid stairiúil agus cluiche Eorpach á imirt ar Pháirc an Chathánaigh.

I 1992 thug Gaillimh Aontaithe, a bhí ina seaimpíní Chorn an FAI ag an am, foireann chuig an ionad céanna chun Rogha Chonamara a imirt. Bhí Páid Mac Donnacha, Gary Mac Donnacha, Myles Mac Donnacha (RIP), Declan Ó Flathartha, Edward Ó Sé agus Michael Ó Flathartha i measc leaids Mhac Dara a d'imir an lá sin. Ar feadh na mblianta freisin bhíodh campaí samhraidh ag Galway Utd ar an gCeathrú Rua, agus is iomaí imreoir agus bainisteoir clúiteach a tháinig thart.

Chaith Bernie Ó Conaill, Leas-Uachtarán Galway Utd, tréimhse rathúil ag an gcumann freisin agus é i gceannas nuair a bhuaigh Mac Dara an tsraith i 1988/89. Le blianta beaga anuas, is minic foirne faoi aois Mhac Dara a fheiceáil istigh ag Páirc Éamonn Deasy i dTír Oileán mar mascots agus ag imirt le linn leath ama i gcluichí Galway Utd.

Ach ní hiad na gasúir amháin a d'imir ann. I 2006, d'imir agus scóráil Michael Kennedy ina chéad chluiche d'fhoireann shinsearach Galway Utd i gcoinne Finn Harps — bhí Michael tar éis breis agus 50 cúl a scóráil sa dá shéasúr roimhe sin do Mhac Dara, agus chaith sé seal le Longford Town ina dhiaidh sin. Le fíorghairid anuas, d'imir Joe Gubbins d'fhoireann Faoi 17 Galway Utd, agus ba mhinic leis an eangach a chroitheadh lena sheal leo. Tá sé ar ais anois le foireann sinsir Mhac Dara agus é ina phríomhimreoir.

Gaillimh Aontaithe v FC Groningen ar Pháirc an Chathánaigh, 1986

Corn UEFA ar Pháirc an Chathánaigh: Gaillimh Aontaithe v FC Groningen, Deireadh Fómhair 1986.

Michael Kennedy ag imirt do Ghaillimh Aontaithe

Michael Kennedy ag imirt do Ghaillimh Aontaithe — breis agus 50 cúl aige do Mhac Dara sa dá shéasúr roimhe sin.

Joe Gubbins ag imirt do Ghaillimh Aontaithe

Joe Gubbins i ngeansaí Ghaillimh Aontaithe — príomhimreoir fhoireann sinsir Mhac Dara anois.